Féilte
Féile na Gealaí
Ráth Chairn, mí Meithimh
Is féile nua í Féile na Gealaí a thosaigh in 2016. Is féile campála í. Is í an t-aon fhéile dá cineál in Éirinn. Tugann an fhéile seo deis do cheoltóirí, d’fhilí, d’amhránaithe agus do ghrúpaí comhaimseartha teacht le chéile agus a bheith páirteach in dhá lá de cheolchoirmeacha agus ceardlanna amuigh faoin aer faoi theas na gréine agus lóchrann na gealaí.
Tuilleadh eolais: https://feilenagealai.com/

Éigse Dharach Uí Chatháin
Ráth Chairn, mí Dheireadh Fómhair
Déanann an éigse seo comóradh agus ceiliúradh ar dhuine de laochra móra na hamhránaíochta ar an sean-nós, Darach Ó Catháin. Rugadh Darach ar an Máimín i Leitir Mór, agus d’aistrigh sé féin agus a theaghlach aniar i 1935 nuair a bhí Darach ina dhéagóir. Níorbh fhada go raibh cáil náisiúnta bainte amach aige mar amhránaí agus mar dhea-chomhluadar. Bíonn deireadh seachtaine siamsaíochta ar bun ina chuimhne, le béim ar an amhránaíocht thraidisiúnta.

Siamsóir na Mí
Ráth Chairn, mí Feabhra
Is comórtas é Siamsóir na Mí ina ndéanann iomaitheoirí iarracht ar thrí chineál siamsaíochta dá rogha féin, an fhad is a bhíonn gach rud déanta i nGaeilge. Is píosa spraoi a bhíonn ann, agus is iondúil a théann an bua leis an té is mó a bhaineann gáire as an lucht féachana!

Féile na Mí
Mí na Samhna
Is féile sheanbhunaithe í Féile na Mí a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiúin na Gaeltachta, ar thraidisiún na hamhránaíochta sean-nóis agus ar dhamhsa ar an sean-nós ach go háirithe. Bíonn deireadh seachtaine iomlán de chomórtais damhsa agus amhránaíochta do gach aoisghrúpa ó pháistí faoi naoi mbliana go dtí daoine fásta. Bíonn sluaite de chéadta ag freastal ar an deireadh seachtaine i mí na Samhna, agus tarraingíonn na comórtais plúr na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí as gach cearn den tír.
